Priontáil an Leathanach Seo
An tAire Stáit



Is as Inis Córthaidh, Co. Loch Garman, ó dhúchas é Paul Kehoe. Atoghadh chuig Dáil Éirinn é i 2011 tar éis dó ionadaíocht a dhéanamh ar thoghcheantar Loch Garman ó 2002.

Toghadh chuig an Dáil den chéad uair é i mBealtaine 2002 agus i 2004 ceapadh mar Phríomh-Aoire Fhine Gael é.

Roimhe sin bhí sé ina leasurlabhraí ar Chumarsáid, Mhuir agus Acmhainní Nádúrtha ó Mheitheamh 2002 go Deireadh Fómhair. Chomh maith leis sin sheirbheáil sé mar Phríomh-Aoire Cúnta Fhine Gael.

Bhí sé ina Oifigeach Óige ar CLG Loch Garman agus tá sé ina iarchathaoirleach ar Mhacra na Feirme (sealbhóir Dhámhachtain Mhacra um Cheannaireacht Náisiúnta) agus ar Fhleadh Cheoil na hÉireann Inis Córthaidh.

Tá sé ina bhall de chlub tacadóirí CLG Loch Garman agus d’iontaobhas oilithreachta na hÉireann um leanaí faoi mhíchumas.

Tá sé ina bhall d’Fhine Gael ó bhí sé óg agus bhí go leor phoist oifigigh bhrainse aige, lena n-áirítear Cathaoirleach Dúiche agus Oifigeach Óige Contae.




An Roinn Cosanta
Ionaid
Teagmháil Linn
An Roinn Cosanta,
Br an Stáisiúin,
An Droichead Nua,
Co Chill Dara.
W12 AD93

Fón 00 353 45 492000

* Glao Áitiúil 1890 251890

info@defence.ie

eolas@defence.ie

accessofficer@defence.ie

*Tabhair faoi deara gur féidir leis na rátaí a ghearrtar as úsáid uimhreacha 1890 (Locall) athrú ó sholáthraí amháin go
soláthraí eile
** ’’Leathanach Baile’’ agus ‘’Leathanach Fúinn’’ar fáil anois as Gaeilge