Search Speeches
Home > Speeches > Speech
Nochtann an tAire Dealbh Chuimhneachán John King i mBaile an Róba


Inniu (Dé Sathairn 4 Meán Fómhair 2010) bhí an tUas. Tony Killeen TD, an tAire Cosanta i mBaile an Róba chun feidhmiú ag nochtadh deilbhe cuimhneacháin mar ómós do John King, fear as Maigh Eo ar bronnadh dhá bhonn Onóra Comhdhála air de bharr a chuid seirbhíse do Chabhlach Mheiriceá. Tá John King i measc díreach naoi bhfear déag a fuair dhá Bhonn Onóra Comhdhála.

Tá an John King Association ann i Meiriceá cheana féin ach is é seo an chéad uair a bhfuil ómós á thabhairt don bhall sin de chabhlach SAM ina thír dhúchais. Ba é an dealbhóir cáiliúil Rick Lewis a dhealbhaigh an dealbh óir seacht-dtroighe seo i Margadh an Arbhair.

Rugadh John King i Currabee Baile an Róba in 1862. Thóg sé an bád bán chuig na Stáit Aontaithe agus é ina fhear óg agus liostáil sé le Cabhlach Mheiriceá in 1893. Chaith sé 26 bliana sa Chabhlach. Sheirbheáil sé sa USS Vicksburg ar dtús agus d’oibrigh sé i seomraí coire i 13 árthach cabhlaigh. Scaoileadh é in 1916 ach glaodh ar ais é tar éis briseadh amach an Chéad Chogadh Domhanda. Sheirbheáil sé ar feadh dhá bhliana eile agus scaoileadh é den uair dheireanach in 1919.

Ag labhairt ag an tsearmóin nochta dúirt an tAire Killeen “Ábhar ómóis dom a bheith anseo inniu chun Dealbh Chuimhneacháin John King a nochtadh. Tugann sé ómós mar is cuí d’fhear iontach. Fuair John King Bonn Onóra na Comhdhála dhá uair. Is é an dámhachtain is tábhachtaí i Meiriceá a thugtar do dhuine le linn a saoil. Scéal iontach spéisiúil é scéal a shaoil.”

Fuair John King bás in 1938 i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus tá sé curtha i Hot Springs, Arkansas. Coimisiúnaíodh scriostóir diúracán treoraithe armtha SAM, an USS John King (DDG-3) a ainmníodh ina dhiaidh, in 1961.

Thug an tAire Killeen ómós dóibh siúd go léir a bhí rannpháirteach sa tsearmóin a eagrú don laoch iontach sin. DEIREADH
Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le do thoil le hOifig Preasa na Roinne Cosanta teil: 01 8042108 agus fón póca +353872340397


Related Speeches

No documents found


Contact Us

Department of Defence
Station Road
Newbridge
Co. Kildare

Tel 00 353 45 492000
Fax 00 353 45 492017
* loCall 1890 251890

emailinfo@defence.ie

* Note that the rates charged for the use of 1890 (LoCall) numbers may vary among different service providers