Search Press Releases
Home > Press Releases > Press Release
Preasráiteas ón Aire Sláinte, an Dr. James Reilly TD & ón Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Cosanta, an tUas. Alan Shatter, TD.

Seirbhís Aerleighis Éigeandála (EAS) le Seoladh

Dún Chustúim, Baile Átha Luain, 21 Bealtaine 2012



Tá tionscadal píolótach 12 mí ina gcuirfidh an tAerchór tacaíocht aerleighis tiomnaithe ar fáil do Sheirbhís Náisiúnta Otharcharranna an HSE (NAS) fógraithe ag an Aire Sláinte, an Dr James Reilly TD, agus ag an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Cosanta, an tUas. Alan Shatter TD, inniu.

Dé Luain 4 Meitheamh a chuirfear tús leis an tSeirbhís Aerleighis Éigeandála phíolótach as Dún Chustúim, Baile Átha Luain a beidh dírithe ar iarthar na hÉireann go háirithe. Tá an tAerchór le héileacaptar EC135 a sholáthar chomh le pearsanra leis an árthach a eitilt agus a chothabháil. An tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna a bheidh freagrach as cúram othar, a chuirfidh Ard-Pharaimhíochaineoirí ar fáil.

Dúirt na hAirí go dtabharfadh an tseirbhís phíolótach deis don HSE méid agus cineál na tacaíochta aerleighis tiomnaithe a bheadh de dhíth ón tseirbhís otharcharranna éigeandála san fhadtéarma sa réigiún a chinneadh.

Ag an seoladh, luaigh an tAire Reilly an t-achar ama sách gearr a bhí i gceist leis an gclár píolótach a bhunú. Rinne sé tagairt dá oifigigh, d’fhoireann an HSE agus dá gcomhghleacaithe sa Roinn Cosanta agus san Aerchór, nuair a dúirt sé “Tá ríméad orm toradh na hoibre agus an chomhoibrithe a fheiceáil, gan trácht ar an bpleanáil agus ar an traenáil go léir a rinneadh ag leibhéal oibríochta a thug chuige seo muid. Tugann sé sásamh dom tionscadal chomh mór leis seo a bheith tugtha i gcrích in achar ama chomh gearr. Táthar ag súil go gcuirfidh an tionscnamh cúnamh ríthábhachtach ar fáil don tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna agus go mbainfear fíor thairbhe as ó thaobh sábháilteacht othar de.”

Thug an tAire Shatter moladh don chomhoibriú idir na hoifigigh éagsúla nuair a dúirt sé “Is sampla maith é an fógra seo go mbeidh seirbhís phíolótach ag feidhmiú as Baile Átha Luain den tslí ar féidir le gníomhaireachtaí Stáit nach mbíonn baint acu lena chéile de ghnáth an leas is fearr is féidir a bhaint as na hacmhainní atá ann chun feabhas a chur ar sheirbhísí don phobal”.

D’aontaigh an bheirt Airí go dtabharfadh an tseirbhís phíolótach léiriú maith ar chomh riachtanach a bheadh an tseirbhís amach anseo. Dúirt an tAire Reilly “Tabharfaidh an tseirbhís phíolótach eolas dúinn le go bhfeicfimid cén cineál seirbhíse a thabharfaidh an tacaíocht is fearr do na daoine agus don tSeirbhís Otharcharranna sa réigiún agus faoin tslí a bhféadfaimid, go réadúil, feabhas a chur ar amanna freagartha agus amanna turais do dhaoine atá go dona tinn, agus mar sin toradh níos fearr a bhaint amach do dhaoine atá go dona tinn.
Labhair an tAire Shatter faoin mbaint atá ag an Aerchór leis an tionscnamh nuair a dúirt sé “Cé go bhfuil comhaontú ann cheana féin faoina ndéantar aistriú idir ospidéil i héileacaptar, creidim go dtabharfaidh baint an Aerchóir leis an tseirbhís phíolótach seo cúnamh don HSE leibhéal an riachtanais a chinneadh, go háirithe i measc daoine, in Iarthar na hÉireann go príomha, a bhfuil mear-aistriú go dtí saoráid iomchuí laistigh d’am teoranta de dhíth orthu”.

CRÍOCH

Nóta chuig Eagarthóirí
Rangaítear an héileacaptar EC-135 de chuid Eurocopter ar héileacaptar feidhmíochta, áirgiúlachta éadrom Aicme 1 agus is í an ceann is oiriúnaí í le bheith ina aerárthach othar mar gheall ar a méid is a meáchan. Ní bhíonn aon torann ard uaithi agus mar sin baintear úsáid mhór aisti i limistéir thógtha. Chomh maith leis sin is féidir í a ullmhú le tosú go tapa ionas gur féidir léi éirí den talamh láithreach do mhisin ar bheagán ama.
Ar an ábhar sin, is í an héileacaptar aerárthaigh is coitianta a bhíonn ag obair sa ról sin i roinnt tíortha éagsúla ar fud an domhain.



Related Press Releases

No documents found




Contact Us

Department of Defence
Station Road
Newbridge
Co. Kildare

Tel 00 353 45 492000
Fax 00 353 45 492017
* loCall 1890 251890
** Or call 0761 001 607

info@defence.ie

eolas@defence.ie

* Note that the rates charged for the use of 1890 (LoCall) numbers may vary among different service providers
** 0761 numbers are charged as a national number from landlines and mobiles and are often included in bundle deals offered by phone operators