Search Press Releases
Home > Press Releases > Press Release
Tugann an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Cosanta cuairt ar Shaoráidí Míleata i gCorcaigh


Chuaigh an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Cosanta, an tUasal Alan Shatter, T.D. go Corcaigh inniu ar a chéad chuairt oifigiúil chuig an mBunáit Chabhlaigh in Inis Sionnach agus chuig Dún Uí Choileáin.

Ar theacht chuig an mBunáit Chabhlaigh in Inis Sionnach dó chuir an Ceannasóir i gCeannas na Seirbhíse Cabhlaigh, an Ceannasóir Mark Mellet, an tOifigeach i gCeannas Cheannasaíocht Oibríochta na Seirbhíse Cabhlaigh, an Captaen Hugh Tully agus an tOifigeach i gCeannas Cheannasaíocht Tacaíochta na Seirbhíse Cabhlaigh, an Captaen Robert Scarrott fáilte roimhe. I ndiaidh seisiún eolais a thug oifigigh sinsearacha na Seirbhíse Cabhlaigh tugadh an tAire ar thuras den Bhunáit Chabhlaigh.

Ar theacht chuig Dún Uí Choileáin dó chuir an Ceann Foirne, an Leifteanantghinearál Sean McCann agus an Ginearál Oifigeach i gCeannas Chéad Bhriogáid an Deiscirt, an Briogáidire-Ghinearál Paul Pakenham fáilte roimhe.
Thug an GOC eolas don Aire agus roinneadh eolas leis freisin ar thiomantas na Briogáide i leith an Chathghrúpa Nordach AE.

Ar chuireadh ó Ambasadóir na Fionlainne, chuir an tAire fios ar Long Cabhlaigh de chuid na Fionlainne a bhí i gCorcaigh agus d’fhreastail ar ocáid fáiltithe a d’eagraigh an tOifigeach i gCeannas in onóir na cuairte.

CRÍOCH

Áine Fitzpatrick
An Phreasoifig
An Roinn Cosanta
Bóthar an Stáisiúin
An Droichead Nua
Co. Chill Dara
Teil: (045) 492108



Related Press Releases

No documents found




Contact Us

Department of Defence
Station Road
Newbridge
Co. Kildare
W12 AD93

Tel 00 353 45 492000
Fax 00 353 45 492017
* loCall 1890 251890
** Or call 0761 001 607

info@defence.ie

eolas@defence.ie

* Note that the rates charged for the use of 1890 (LoCall) numbers may vary among different service providers
** 0761 numbers are charged as a national number from landlines and mobiles and are often included in bundle deals offered by phone operators