Search Press Releases
Home > Press Releases > Press Release
An tAire Stáit i Roinn an Taoisigh agus sa Roinn Cosanta,
an tUas. Paul Kehoe, T.D.,

ag freastal ar Shearmanas Coimisiúnaithe Airm
an 90ú Rang Daltaí Airm.

D'fhreastail an tAire Stáit i Roinn an Taoisigh agus sa Roinn Cosanta, an tUas. Paul Kehoe, T.D., ar Shearmanas Coimisiúnaithe an 90ú Rang Daltaí Airm inniu (Déardaoin an 12ú Feabhra 2015) in Airmheán Traenála Óglaigh na hÉireann i gCampa an Churraigh, Co. Chill Dara.

An Ceann Foirne, an Leifteanant-Ghinearál Conor O'Boyle, a chuir fáilte roimh an Aire chuig an gCampa.

Labhair an tAire leis na hocht n-oifigeach déag nua sna Buan-Óglaigh agus dúirt, “Is mian liom comhghairdeas ó chroí a dhéanamh libh ar fad as an gealltanas don Stát atá á dhéanamh agaibh. Is féidir le gach duine agaibh, chomh maith le bhur dteaghlaigh agus bhur gcairde, a bheith bródúil as an méid atá bainte amach agaibh.” Mhol an tAire comhaltaí Scoil na nDaltaí de chuid Óglaigh na hÉireann nuair a thug sé aird ar “dhíograis agus tiomantas gach duine a mhúnlaigh na fir agus na mná óga seo ina n-oifigigh óga bhreátha le cúig mhí dhéag traenála anuas.” Léirigh an tAire ómós do theaghlaigh agus do chairde chomhaltaí an 90ú Rang Daltaí as an tacaíocht agus an spreagadh riachtanach a thug siad.


CRÍOCH



Related Press Releases

No documents found




Contact Us

Department of Defence
Station Road
Newbridge
Co. Kildare
W12 AD93

Tel 00 353 45 492000
Fax 00 353 45 492017
* loCall 1890 251890
** Or call 0761 001 607

info@defence.ie

eolas@defence.ie

* Note that the rates charged for the use of 1890 (LoCall) numbers may vary among different service providers
** 0761 numbers are charged as a national number from landlines and mobiles and are often included in bundle deals offered by phone operators