Search Press Releases
Home > Press Releases > Press Release
Áitreabh Nua Cosanta Sibhialta Laoise oscailte go hoifigiúil ag an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais & Cosanta i Móinteach Mílic


D’oscail an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais & Cosanta, an tUasal Alan Shatter, T.D., saoráid nua d’Oibrithe Deonacha na Cosanta Sibhialta áitiúla inniu, 17 Feabhra 2012, i Móinteach Mílic, Co. Laoise. Freastalaíonn an tsaoráid nua mhórthaibhseach, arna chur ar bun ag Comhairle Chontae Laoise, ar riachtanais oiliúna na Cosanta Sibhialta sa cheantar. Dúirt an tAire Tá ríméad orm a bheith i láthair inniu chun an tsaoráid nua seo a oscailt go hoifigiúil agus go bhfuil deis agam bualadh leis na hOibrithe Deonacha Cosanta Sibhialta agus aitheantas a thabhairt don tseirbhís iontach a chuireann sibh ar fáil don phobal”.

Ag tagairt dó do na himeachtaí tragóideacha a tharla in Iarthar Chorcaí le déanaí, mhol an tAire na hOibrithe Deonacha as an bhfreagra a thug siad orthu agus dúirt sé gur léirigh Cosaint Shibhialta a cumas oibriú go díograiseach ag tacú leis na seirbhísí tosaigh; an tSeirbhís Dóiteáin, HSE, an Garda Cósta agus, ar ndóigh, an Garda Síochána a bhfuil caidreamh láidir cruthaithe ag Cosaint Shibhialta anseo i Laois leo”.

Rinne an tAire tacaíocht leanúnach an Rialtais don Chosaint Shibhialta a athlua agus thapaigh sé an deis tagairt a dhéanamh don reachtaíocht atá le teacht a dhéanfaidh foráil d’fheidhmeanna na Cosanta Sibhialta a thabhairt ar ais don Roinn Cosanta. Ag labhairt dó faoi sin, dúirt an tAire “Féachaim air sin mar chéim thar a bheith dearfach d’eagraíocht na Cosanta Sibhialta agus níl aon amhras orm go leanfaidh Cosaint Shibhialta ar aghaidh ag treisiú mar chuid den Roinn Cosanta”. Sular chríochnaigh sé ag caint, rinne an tAire comhghairdeas leis na hOibrithe Deonacha áitiúla as a n-ionad nua agus thug sé aitheantas don mhéid a dhéanann siad go neamhleithleasach dá bpobal áitiúil.

CRÍOCH



Nóta chuig Eagarthóirí

Tá stair fhada ag Cosaint Shibhialta Laoise maidir le seirbhís tiomanta a thabhairt don phobal. Tá lárionaid ag an Aonad sa tSráidbhaile, i nDarú, i Móinteach Mílic agus i bPort Laoise. Cuirtear cúrsaí oiliúna rialta ar fáil sna lárionaid sin i ndisciplíní mar Thaisme, Tarrtháil, Leas, Cumarsáid Raidió agus Dóiteán Cúnta. Cuireadh saoráid den chéad scoth ar fáil don Chosaint Shibhialta le déanaí ag ceann de na láithreacha sin, Móinteach Mílic.

Tá áitreabh nua Cosanta Sibhialta Laoise, a fhreastalóidh ar riachtanais na n-oibrithe deonacha áitiúla, lonnaithe i bpáirc thionsclaíoch ar imeall bhaile Mhóinteach Mílic ar Bhóthar Thulach Mhór. Tá neart spáis taobh amuigh den tsaoráid, rud a thugann deis gníomhaíochtaí oiliúna breise a dhéanamh. Is lárionad freagartha éigeandála an-éifeachtach atá san áitreabh, atá curtha ar fáil ag Comhairle Chontae Laoise, agus tá saoráidí stórais agus oiliúna slána ann. Tá sé suite 10-15 nóiméad ó Shliabh Bladhma agus gar do bhaile Mhóinteach Mílic, suíomh tábhachtach maidir le cabhrú le tarrtháil sléibhe agus os rud é gur minic go dtarlaíonn tuilte i Móinteach Mílic. Tá cead tugtha ag Comhairle Chontae Laoise don Chosaint Shibhialta leanúint ar aghaidh le húsáid a bhaint as an tsean-bhunáit a bhí acu, an sean-Stáisiún Dóiteáin, chun críocha stórais.

Tá an taobh istigh den áitreabh nua feistithe go caighdeán an-ard agus tá idirurlár os cionn cuid den taobh istigh ina bhfuil seomra oiliúna, cistin bheag agus seomra rialaithe raidió/oifig. Cabhróidh an tsaoráid nua go mór leis na hOibrithe Deonacha maidir le hullmhúchán a dhéanamh agus freagra a thabhairt ar an iliomad dúshlán a bheidh rompu ina seirbhís neamhleithleasach don phobal.





Related Press Releases

No documents found




Contact Us

Department of Defence
Station Road
Newbridge
Co. Kildare
W12 AD93

Tel 00 353 45 492000
Fax 00 353 45 492017
* loCall 1890 251890
** Or call 0761 001 607

info@defence.ie

eolas@defence.ie

* Note that the rates charged for the use of 1890 (LoCall) numbers may vary among different service providers
** 0761 numbers are charged as a national number from landlines and mobiles and are often included in bundle deals offered by phone operators