Search Press Releases
Home > Press Releases > Press Release
Léirbhreithniú déanta ag an Aire Stáit, an tUasal Paul Kehoe T.D.,
ar Thrúpaí na hÉireann atá ag dul chun na Liobáine
Cill Chainnigh
3 Bealtaine 2016

Inniu, rinne an tAire Stáit sa Roinn Cosanta, an tUasal Paul Kehoe T.D. léirbhreithniú ar chomhaltaí den 53ú Grúpa Coisithe a rachaidh chun seirbhíse le Fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNIFIL) níos déanaí an mhí seo.

Dúirt an tAire le linn an léirbhreithnithe, Tá Éire ag cabhrú le UNIFIL ó bunaíodh an misean i 1978 agus is léiriú é ár rannpháirtíocht sa mhisean seo ar an tacaíocht láidir a thugaimid do ról na Náisiún Aontaithe.

Labhair an tAire Kehoe go díreach leis na trúpaí, "Táim cinnte go ndéanfaidh sibh go léir bhur ndícheall cáil na hÉireann a chothabháil thar lear agus cur leis an dea-chlú atá ar Éirinn ar fud na cruinne.”

Dúirt an tAire freisin “Molaim gach duine agaibh as an gcinneadh seo atá déanta agaibh tabhairt faoin misean seo. Tá sé den tábhacht a thabhairt ar aird nach bhféadfadh Éire cuidiú le hoibríochtaí síochánaíochta idirnáisiúnta a oiread is a chuidíonn gan tiomantas leanúnach phearsanra Óglaigh na hÉireann seirbhís a dhéanamh thar lear i gcúinsí a bhíonn deacair agus dainséarach go minic.”

Ar deireadh, ghuigh an tAire Kehoe misean slán agus rathúil ar chomhaltaí an 53ú Grúpa Coisithe, faoi cheannas an Leifteanant-Chornail Stephen Ryan.

CRÍOCH




Related Press Releases

No documents found




Contact Us

Department of Defence
Station Road
Newbridge
Co. Kildare
W12 AD93

Tel 00 353 45 492000
Fax 00 353 45 492017
* loCall 1890 251890
** Or call 0761 001 607

info@defence.ie

eolas@defence.ie

* Note that the rates charged for the use of 1890 (LoCall) numbers may vary among different service providers
** 0761 numbers are charged as a national number from landlines and mobiles and are often included in bundle deals offered by phone operators