Search Press Releases
Home > Press Releases > Press Release
Tugann an tAire Ó Cillín cuairt ar Champa Traenála Bliantúil na nÓglach Cúltaca sa Leacht

Inniu (Dé Luain 5 Iúil 2010) thug an tAire Cosanta an tUas. Antóin Ó Cillín T.D. cuairt ar champa traenála bliantúil na nÓglach Cúltaca sa Leacht, Co. an Chláir. Cuireadh tús leis an gcampa traenála bliantúil ar an Satharn, 3 Iúil 2010 agus beidh sé ar siúl go dtí an Aoine, 9 Iúil 2010. Déanann na cúltacairí traenáil ar bhonn deonach le linn na bliana agus freisin glacann go leor cúltacairí páirt i gcampaí traenála bliantúla le linn an tsamhraidh, cosúil leis an gceann atá ar siúl sa Leacht faoi láthair.

Tá dul chun cinn suntasach déanta maidir le traenáil do chúltacairí faoi Phlean Feidhmithe an Athbhreithnithe ar na hÓglaigh Chúltaca. Tá traenáil do chúltacairí sainithe anois i dTreorán Bliantúil Traenála agus tá clár curtha i bhfeidhm chun caighdeáin traenála na nÓglach Cúltaca a mheas agus a dhearbhú.

Ag labhairt sa Leacht dúirt an tAire “Tugann campaí traenála bliantúla deis do chúltacairí na scileanna a fhoghlaim siad thar na huaireanta fada ina gcuid Aonad féin a chomhdhlúthú agus a bheachtú. Tá go leor cuimhní iontacha ag baint le campa an Leachta do na comhaltaí den Chúltaca a rinne traenáil anseo. Mar an gcéanna, tá an-mheas ag an bpobal áitiúil agus an lucht gnó ar an arm mar gheall ar na ngníomhaíochtaí a dhéantar anseo sa champa agus an t-idirchaidreamh thar na blianta fada.”

Tá tuairim seasca-cúig cúltacaire ó aonaid den Chór Seirbhísí Cumarsáide agus Eolais (SCE) atá bunaithe i mBaile Átha Luain, Luimneach agus Baile Átha Cliath ag glacadh páirt sa champa traenála i mbliana.

Úsáidfear trealamh cumarsáide SCE lena n-áirítear trealamh ardmhinicíochta agus an-ard-mhinicíochta chun cúltacairí atá ag freastal ar an gcampa a thraenáil. Bainfear úsáid freisin as an gCóras um Bainistíocht Oirbheartaíochta ar Láthair Catha agus na coimeádáin Ceannais & Rialaithe le linn na traenála.

Tá Aonaid SCE na mBuan-Óglach (PDF) agus an Scoil SCE ag tabhairt tacaíochta don champa. Soláthraíonn comhaltaí pearsanra PDF seirbhísí SCE laistigh de na hÓglaigh Chúltaca ar bhonn laethúil. Is é ról Aonaid SCE na nÓglach Cúltaca ná an PDF a mhéadú i dteagmhais.

Ag tabhairt ómóis do na comhaltaí go léir de na hÓglaigh Chúltaca a thugann a gcuid ama dá dtoil féin chun a dtír a sheirbheáil, dúirt an tAire Ó Cillín “Ba mhian liom buíochas a ghabháil lenár gcuid cúltacairí go léir as a dtiomantas agus a ndíograis” dúirt an tAire.

DEIREADH

Nótaí ón Eagarthóir:
· Tá tuairim 6,2000 comhalta sna hÓglaigh Chúltaca (RDF) ag deireadh Bhealtaine 2010.
· Tugann an Páipéar Bán ar Chosaint treoirphlean do na hÓglaigh Chúltaca.
· Sholáthair Plean Forfheidhmithe an Athbhreithnithe ar an RDF d’fheabhsú céimnithe ar chumais na nÓglach Cúltaca thar an tréimhse go deireadh 2009.
· De réir an Phlean, tá atheagrú déanta ar na hÓglaigh Chúltaca ar bhealach cosúil leis na Buan-Óglaigh agus tá trealamh, éadaí agus deiseanna nua um thraenáil feabhsaithe curtha ar fáil.


Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le do thoil le: Derval Monahan Comhairleoir Preasa don Aire Killeen, An Roinn Cosanta, ar Teil +353 1 8042170 agus Fón Póca + 353876781608 Ríomhphost derval.monahan@defence.irlgov.ie




Related Press Releases

No documents found




Contact Us

Department of Defence
Station Road
Newbridge
Co. Kildare

Tel 00 353 45 492000
Fax 00 353 45 492017
* loCall 1890 251890
** Or call 0761 001 607

info@defence.ie

eolas@defence.ie

* Note that the rates charged for the use of 1890 (LoCall) numbers may vary among different service providers
** 0761 numbers are charged as a national number from landlines and mobiles and are often included in bundle deals offered by phone operators