Search Press Releases
Home > Press Releases > Press Release
Paulyn Marrinan-Quinn Uasal le fanacht ina Ombudsman d’Óglaigh na hÉireann go ceann bliana eile

An 19ú Meán Fómhair 2005 a ceapadh Paulyn Marinan-Quinn SC ina céad Ombudsman d’Óglaigh na hÉireann. Athcheapadh í i Meán Fómhair 2008 go ceann tréimhse trí bliana ina dhiaidh sin. Tá sí athcheaptha ag an Uachtarán, ar mholadh ón Rialtas, go ceann tréimhse 12 mí eile le héifeacht an 19 Meán Fómhair 2011.


[Críoch]-

[Nótaí do na heagarthóirí]

Bunaíodh Oifig an Ombudsman d’Óglaigh na hÉireann faoi fhorálacha Acht Ombudsman (Óglaigh na hÉireann) 2004. Go bunúsach, an tOmbudsman an mheicníocht achomharc neamhspleách faoi Chóras inmheánach Sásaimh in Éagóracha Óglaigh na hÉireann.

Forálann an córas sásaimh in éagóracha (s.114 den Acht Cosanta) gur féidir le haon chomhalta d’Óglaigh na hÉireann ar dóigh leo gur déanadh éagóir orthu ar aon bhealach gearán a dhéanamh agus imscrúdú agus sásamh a lorg. Sa chás is go gcruthaítear gur déanadh éagóir, tairgítear sásamh don ghearánach. Sa chás is nach mbíonn gearánach sásta le toradh an imsrcúdaithe ná leis an an sásamh beartaithe cuirtear an cás chuig an nGinearáloifigeach i gCeannas agus mura réitíonn sin an cás chuig an gCeann Foirne. Má bhíonn an gearánach fós míshásta féadfaidh sé an gearán a chur ar aghaidh chuig an Ombudsman. Déanann an tOmbudsman cásanna a chuirtear ar aghaidh chuici a thagann faoina téarmaí tagartha a imscrúdú.




Related Press Releases

No documents found




Contact Us

Department of Defence
Station Road
Newbridge
Co. Kildare
W12 AD93

Tel 00 353 45 492000
Fax 00 353 45 492017
* loCall 1890 251890
** Or call 0761 001 607

info@defence.ie

eolas@defence.ie

* Note that the rates charged for the use of 1890 (LoCall) numbers may vary among different service providers
** 0761 numbers are charged as a national number from landlines and mobiles and are often included in bundle deals offered by phone operators