Search Press Releases
Home > Press Releases > Press Release
Lá an Chóir Marcra an Satharn, 3ú Meán Fómhair 2011

Beidh an Taoiseach, an tUasal Enda Kenny, T.D chomh maith leis an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Cosanta, an tUasal Alan Shatter T.D. i láthair ar Lá Cuimhneacháin Bliantúil Óglaigh na hÉireann don Chór Marcra ag Airmheán Traenála Óglaigh na hÉireann, Dún Phluincéid, Campa an Churraigh.

Mar chuid den searmanas beidh Aifreann Cuimhneacháin Bliantúil i gcuimhne chomhaltaí an Chóir Marcra atá anois ar shlí na fírinne agus ina dhiaidh leagfar bláthfhleasc i nGairdín Cuimhneacháin an Chóir. Le linn na hócáide seo freisin is ea a thaispeánfar don phobal don chéad uair ó athchóiríodh í ‘Sliabh na mBan’. Tá tábhacht ar leith don Chór Marcra leis an gcarr a bhí i gcoimhdeachta an Ghinearáil Michael Collins an lár ar rinneadh luíochan air i mBéal na Bláth mar go raibh sí i measc na bhfeithiclí a thug Arm na Breataine ar lámh don Chór Marcra, nua-bhunaithe, i ndiaidh Chogadh na Saoirse.

Dúirt an Taoiseach “tá an-ríméad orm a bheith i láthair inniu ar Lá an Chóir Marcra chun traidisiún láidir míleata na tíre a cheiliúradh, tradisiún atá le sonrú go beacht sa charr armúrtha athchóirithe seo ‘Sliabh na mBan’.


CRÍOCH



Related Press Releases

No documents found




Contact Us

Department of Defence
Station Road
Newbridge
Co. Kildare
W12 AD93

Tel 00 353 45 492000
Fax 00 353 45 492017
* loCall 1890 251890
** Or call 0761 001 607

info@defence.ie

eolas@defence.ie

* Note that the rates charged for the use of 1890 (LoCall) numbers may vary among different service providers
** 0761 numbers are charged as a national number from landlines and mobiles and are often included in bundle deals offered by phone operators