Search Press Releases
Home > Press Releases > Press Release
Tugann an Tánaiste Ní Chochláin agus an tAire Ó Cillín Cuairt ar Champa Fionnabhair


Thug an Tánaiste agus Aire Oideachais agus Scileanna, Máire Ní Chochláin Uas. TD, agus an tAire Cosanta, an tUas. Antóin Ó Cillín TD cuairt ar Champa Fionnabhair i nDún na nGall inniu (Luan 22 Samhain 2010). Ar bhaint an campa amach dóibh, chuir an Ceann Foirne, Leifteanantghinearál Sean McCann, an Ginearáloifigeach i gceannas ar Briogáid an Iarthair, Briogáidireghinearál Gerry Hegarty agus an tOifigeach i gCeannas ar an 28ú Cathlán Coisithe, Leifteanantchornal Michael Meehan, fáilte roimh an Aire agus an Tánaiste.

D’amharc an Tánaiste ar ar Gharda Oinigh de chomhaltaí den 28ú Cathlán Coisithe ansin. Thug pearsanra míleatach sinsearach mionteagasc di agus don Aire Ó Cillín ina dhiaidh sin agus taispeánadh saoráidí an Champa dóibh, áit ar chas siad le comhaltaí den 28ú Cathlán.

Le linn na cuairte, d’oscail an Tánaiste an Bloc Riaracháin agus Slándála nua, a tugadh chun críche faoi chlár tógála caipitil na Roinne Cosanta. Dúirt an Tánaiste Ní Chochláin “Tá ríméad orm an Bloc seo a oscailt go hoifigiúil. Tá an foirgneamh mar chuid de chlár leanúnach atá leagtha amach chun na saoráidí traenála, oibríochtúla agus cóiríochta atá ar fáil do chomhaltaí Óglaigh na hÉireann a nuachóiriú agus a fheabhsú, agus tá sé mar chuid den aitheantas a thugtar ar an obair thar a bheith tábhachtach seo. Is féidir libh a bheith cinnte de go bhfuil an t-aiseolas agus na tuairimí a fuarthas faoin bhfoirgneamh go dtí seo an-dearfach. Tá áthas orm a rá gur meabhrúchán é ar thiomantas leanúnach an Rialtais ó thaobh saoráidí nua-aimseartha a chur ar fáil do chomhaltaí Óglaigh na hÉireann”.

Ag labhairt dó le linn na cuairte, dúirt an tAire Ó Cillín “Tá ról Óglaigh na hÉireann maidir le slándáil suiteálacha straitéiseacha, dualgais airgid tirim a thionlacan, slándáil príosún agus príosúnach, agus cúnamh do na húdaráis shibhialta, thar a bheith tábhachtach maidir le sábháilteacht ár saoránach. Agus iad i mbun síochánaíochta i gcuid de na réigiúin is naimhdí ar domhan le 52 bliain anuas, tá na mílte saol sábháilte ag Óglaigh na hÉireann agus tá méid mór curtha acu le síocháin agus slándáil idirnáisiúnta”.

Lean an tAire Ó Cillín ar aghaidh “Tá méid ollmhór curtha ag an 28ú Cathlán le slándáil an Stáit le blianta anuas, go háirithe mar gheall ar a láthair. Tá sé tábhachtach go ndéanfaí an obair seo a aithint agus a admháil.”

Tá baint ag Fionnabhar le cúrsaí míleata le tamall fada anuas, ag dul siar go 1890 nuair a rinne lucht na Breataine suirbhé ar an áit mar champa traenála féideartha. Ón t-am a ghlac an tAirm Náisiúnta ceannas ar an áit in 1922, is iomaí athrú a tháinig ar an gCampa agus bhí sé i gcroílár na gníomhaíochta ag deireadh na 1960idí nuair a tháinig borradh ar na trioblóidí i dTuaisceart Éireann. Bunaíodh Ionad do Dhídeanaithe agus Stáisiún Garchabhrach sa Champa chun déileáil leis an ngéarchéim a bhí ag fás. Ó shin i leith tá fás tagtha ar stádas an Champa agus tá ról lárnach aige maidir le slándáil an Stáit. Athlonnaíodh 258 comhalta foirne anseo in 2009 faoin gclár comhdhlúite Beairice a d’eascair as dúnadh Phoist Mhíleata Leifear agus Chnoc na Carraige. Tá 423 pearsanra as na céimeanna go léir ag fónamh i gCampa Fionnabhair faoi láthair.

CRÍOCH

Le haghaidh tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil, le do thoil, le: Derval Monahan, Comhairleoir Preasa don Aire Killeen, An Roinn Cosanta. Fón Póca + 353876781608, nó Preasoifig na Roinne Cosanta (045 492108), nó Fón Póca na Preasoifige +365387234 0397.



Related Press Releases

No documents found




Contact Us

Department of Defence
Station Road
Newbridge
Co. Kildare
W12 AD93

Tel 00 353 45 492000
Fax 00 353 45 492017
* loCall 1890 251890
** Or call 0761 001 607

info@defence.ie

eolas@defence.ie

* Note that the rates charged for the use of 1890 (LoCall) numbers may vary among different service providers
** 0761 numbers are charged as a national number from landlines and mobiles and are often included in bundle deals offered by phone operators