Search Press Releases
Home > Press Releases > Press Release
Árthach na Seirbhíse Cabhlaigh an L.É. Niamh ag fágáil Chorcaí chun cabhrú leis an nGéarchéim Dhaonnúil sa Mheánmhuir

Dé hAoine an 10ú Iúil 2015


Fágfaidh an L.É. Niamh, faoi cheannas an Chaptaein, an Leifteanant-Cheannasaí Daniel Wall, an Bhunáit Chabhlaigh, Inis Sionnach inniu, le dul chuig an Mheánmhuir chun cabhrú le húdaráis na hIodáile san oibríocht dhaonnúil chun imircigh atá ag éalú ó Thuaisceart na hAfraice a thabhairt slán.

D'fhógair an tAire Cosanta, an tUas. Simon Coveney, T.D., níos luaithe an mhí seo go rachadh an L.É. Niamh go dtí an Mheánmhuir chun leanúint ar aghaidh le rannchuidiú na hÉireann sa mhisean cuardaigh agus tarrthála. Tá an L.É. Eithne ar an Meánmhuir le hocht seachtaine anuas agus tá sí ar a bealach ar ais chun na hÉireann faoi láthair. Tá 3,377 duine tugtha slán ag an L.É. Eithne ón bhfarraige idir an Libia agus an tSicil.

Dúirt an tAire Cosanta, Simon Coveney, “Bhí deis agam cuairt a thabhairt ar an L.É. Eithne Dé Máirt seo caite. Chuir mé buíochas in iúl don fhoireann as an mbeaIach iontach ar chuir siad a gcuid dualgas i bhfeidhm ar son Rialtas agus mhuintir na hÉireann, agus iad ar seirbhís thar lear. Tá áthas orm a bheith anseo inniu chun buíochas a chur in iúl daoibhse, sula dtéann sibhse ar imscaradh.”

Leanfaidh an L.É. Niamh, a bhfuil mar chriú aici 55 pearsanra ón tSeirbhís Chabhlaigh agus 2 oibrithe leighis ó Chór Liachta an Airm, leis an obair mhór a thosaigh an L.É. Eithne. Dúirt an tAire freisin, “Táthar ag súil go mbeidh an L.É. Niamh ar imscaradh sa Mheánmhuir go dtí Meán Fómhair, ag brath ar na dúshláin oibríochta agus na riachtanais a thiocfaidh chun cinn.”

Dúirt an tAire, mar fhocal scoir, “Is mian liom gach rath a ghuí ar an Leifteanant-Cheannasaí Daniel Wall agus ar chriú an L.É. Niamh. Go n-éirí go geal leis an misean agus go dté sibh slán. Le gach dea-ghuí uaimse agus ó mhuintir na hÉireann uile atá sibh ag taisteal chun na Meánmhara.”

CRÍOCH




Related Press Releases

No documents found




Contact Us

Department of Defence
Station Road
Newbridge
Co. Kildare
W12 AD93

Tel 00 353 45 492000
Fax 00 353 45 492017
* loCall 1890 251890
** Or call 0761 001 607

info@defence.ie

eolas@defence.ie

* Note that the rates charged for the use of 1890 (LoCall) numbers may vary among different service providers
** 0761 numbers are charged as a national number from landlines and mobiles and are often included in bundle deals offered by phone operators