Search Press Releases
Home > Press Releases > Press Release
Fógra ón Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Cosanta, an tUas. Alan Shatter, T.D.,
go bhfuil tógáil long nua na Seirbhíse Cabhlaigh go maith chun cinn


Tá áthas orm a fhógairt gur baineadh céim thábhachtach amach tráthnóna inniu (Dé hAoine 18 Bealtaine 2012) i bpróiseas tógála an chéad cheann de dhá long nua do Sheirbhís Chabhlaigh na hÉireann leis an searmanas traidisiúnta inar leagadh cíle ag Clós Longthógála Appledore, Babcock Marine, in Devon, an Ríocht Aontaithe.

Bhí ionadaithe sinsearacha ón tSeirbhís Chabhlaigh agus ón Roinn Cosanta i láthair ag an searmanas inar leagadh an chíle, chomh maith le comhaltaí de chuid na Seirbhíse Cabhlaigh a bhí páirteach sa tionscadal tógála.

Ní hé seo an chéad uair a bhí baint ag an Roinn Cosanta agus ag Seirbhís Chabhlaigh na hÉireann le Appledore. Tógadh dhá long, an LÉ Róisín agus an LÉ Niamh, sa longlann chéanna breis agus deich mbliana ó shin agus is príomhlonga de fhlít reatha Sheirbhís Chabhlaigh na hÉireann go fóill iad.

Tá an chéad long le seachadadh go luath i 2014. Beidh an dara long réidh i 2015. Tiocfaidh an dá long nua sin in áit dhá cheann de na hárthaí níos sine atá ag an tSeirbhís Chabhlaigh, agus ní bheidh na seanlonga i mbun seirbhíse oibríochta ón tráth sin ar aghaidh.


Críoch - 18 Bealtaine 2012

Nóta chuig Eagarthóirí

Socraíodh conradh le Babcock Marine, UK i mí Deireadh Fómhair 2010 chun dhá long nua a sholáthar don tSeirbhís Chabhlaigh. Is é €99m (gan CBL san áireamh) praghas an chonartha agus tá sé faoi réir ag téarmaí conartha agus costais deiridh chomhaontaithe. Chomh maith leis sin, beidh €7.8m, gan CBL san áireamh, i gceist le córas armán a chur ar fáil do na longa, córas cosúil leis na cinn ar an LÉ Róisín and LÉ Niamh.
Tá sceideal íocaíochtaí thar tréimhse ocht mbliana (2010 go 2017) leagtha amach, agus tá siad á maoiniú ó bhuiséad bliantúil na Roinne Cosanta. Tá an chéad long le seachadadh go luath i 2014. Beidh an dara long réidh i 2015. Tiocfaidh an dá long nua sin in áit dhá cheann de na hárthaí níos sine atá ag an tSeirbhís Chabhlaigh, agus ní bheidh na seanlonga i mbun seirbhíse oibríochta ón tráth sin ar aghaidh.
--------------------------------------------------------------------------------------------
Tuilleadh Eolais Teicniúla (más gá):



Árthach Patróil Easchósta 90 méadar Babcock Marine

Comóntacht leis an LÉ Róisín agus leis an LÉ Niamh maidir leis an Leagan Amach
Comóntacht leis an LÉ Róisín agus leis an LÉ Niamh maidir le Trealamh agus Córais
Gealltanais laghdaithe maidir le Cothabháil agus Páirteanna Breise

Seo a leanas forbhreathnú ar phríomhthréithe agus ar phríomhchumais na OPVanna nua beartaithe. Cuirfidh na hárthaí seo cumas láidir oibríochta ar fáil ar feadh suas le 40 bliain seirbhíse sa phríomhlimistéar oibríochta a bheidh acu, i.e. san Atlantach Thuaidh – chomh fada le teorainn an chreasa eisiaimh eacnamaíoch 200 míle agus níos faide.

Sonraíocht Togra Beartaithe
Fad90 méadar
Seas14 méadar
Tarraingt4 méadar
Luas Uasta23 muirmhíle
Luas cúrsála16 muirmhíle
Luas Feádóireachta0-8 muirmhíle
Raon6000 nm
Buaine21 lá
TiomáintLeictreach Díosail
CumarsáidPacáiste Cumarsáide Míleata Cuimsitheach
Cothú Cobhsaitheoirí Eite

Dabhach Cobhsaitheora

Deic EitilteDeic fad loinge curtha ar fáil d'Oibríochtaí UAV agus Stuáil do 3 TEU ar an deic fad loinge
Cóiríocht44 ball foirne + 10 ball faoi oiliúint




Related Press Releases

No documents found




Contact Us

Department of Defence
Station Road
Newbridge
Co. Kildare

Tel 00 353 45 492000
Fax 00 353 45 492017
* loCall 1890 251890
** Or call 0761 001 607

info@defence.ie

eolas@defence.ie

* Note that the rates charged for the use of 1890 (LoCall) numbers may vary among different service providers
** 0761 numbers are charged as a national number from landlines and mobiles and are often included in bundle deals offered by phone operators