Search Press Releases
Home > Press Releases > Press Release
Léirbhreithníonn an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais & Cosanta, an tUasal Alan Shatter. T.D., Trúpaí na hÉireann atá ag dul chun na Liobáine
Dún Chathail Bhrugha, Baile Átha Cliath. 7 Samhain 2013.

Inniu rinne an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Cosanta, an tUasal Alan Shatter, T.D. comhaltaí den 42ú Grúpa Coisithe a rachaidh chun seirbhíse le Fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNIFIL) níos déanaí an mhí seo a léirbhreithniú.

Le linn an léirbhreithnithe dúirt an tAire “Anuraidh chonaiceamar bunú Chomh-Chathlán Éireannach/Fionlannach i UNIFIL nuair a thosaigh meitheal 170 pearsanra d’Fórsaí Armtha na Fionlainne ag fónamh i dteannta shaighdiúirí na hÉireann i UNIFIL agus iad ag obair chun tacú le sainordú an mhisin. Tá comhpháirtíocht le Stáit chomhchosúla eile ina ghné lárnach dár n-oibríochtaí síochánaíochta”

Glacfaidh an Fhionlainn ceannas ar an gCathlán Éireannach/Fionlannach nua an 26 Samhain. Dúirt an tAire le pearsanra an 42ú Grúpa Coisithe “Cé go dtiocfaidh laghdú ar rannpháirtíocht na hÉireann sa Chathlán Éireannach/Fionlannach go dtí thart ar 180 pearsanra an mhí seo chugainn, tá an misean seo fós ar an imscaradh Éireannach is mó thar lear .

Deir an tAire chomh maith Léiriú é rannpháirteacht na hÉireann i UNIFIL ar an difear dearfach agus praiticiúil atá tíortha beaga ar nós Éirinn in ann a dhéanamh i dtíortha ar fud an domhain a mbíonn trioblóid iontu trí thacaíocht a thabhairt do na Náisiúin Aontaithe”.

Rinne an tAire tagairt d’imscaradh pearsanra i gcuinsí a bhíonn deacair agus contúirteach go minic. Agus é ag tabhairt aghaidh ar na trúpaí go díreach dúirt sé go bhfuil “sócmhainní agus cumais chosanta fórsa cuí á n-aslonnú a fheilfidh an timpeallacht reatha sa Liobáin agus an timpeallacht ann amach anseo. Ach níor chóir beag a dhéanamh do na contúirtí a d’fhéadfadh a bheith romhat i do ról mar choimeádaithe síochána mar a bhí le feiceáil san eachtra a tharla inné in Arda Golan sa tSiria. Bhain an t-eachtra le 39 pearsanra Éireannach atá ag fónamh le Fórsa Breathnóireachta Díscoir na Náisiún Aontaithe (UNDOF) a bhí i mbun patróil i gconbhua de chuid na Náisiún Aontaithe le pearsanra UNDOF eile nuair a scaoileadh urchair airtléire i ngar dá gcuid feithiclí. Buíochas le Dia, níor tuairiscíodh aon ghortaithe agus d’fhill feithiclí UNDOF, lena n-áirítear iompróirí pearsanra armúrtha MOWAG a bhí ag iompar Trúpaí na hÉireann, go sábháilte ar Champa Faouar in Arda Golan.”

Deir an tAire chomh maith “bíonn sábháilteacht phearsanra Óglaigh na hÉireann atá ag fónamh ar gach misean thar lear ag déanamh imní domsa, do mo chomhghleacaithe sa Rialtas agus do na húdaráis mhíleata i gcónaí”. Dúirt sé chomh maith “Táim sásta go bhfuil na bearta slándála iomchuí ar fad ar bun chun sábháilteacht phearsanra Óglaigh na hÉireann atá ag fónamh le UNIFIL agus UNDOF a chinntiú”.


CRÍOCH

Nóta don Eagarthóir:

Tá ceangal ag Éire le UNIFIL ó bunaíodh é in 1978. Tarraingíodh amach príomhchathlán Óglaigh na hÉireann in 2001 tráth a raibh 23 bliain seirbhíse tugtha aige le UNIFIL. Rinne Éire díorma a imscaradh arís chun na Liobáine in 2006 ar feadh tréimhse 12 mí i dteannta chuideachta Innealtóireachta as an bhFionlainn, tráth ar threisigh comhraic ansin agus ar cuireadh méadú mór ar Fhórsa UNIFIL faoi shainordú NA. D’fhill Cathlán as Éirinn ar an Liobáin i samhradh na bliana 2011. Tiocfaidh an 42ú Cathlán Coisithe in áit an 108ú Cathlán Coisithe a imscaradh chun na Liobáine i mBealtaine 2013.

Bhain eachtra an lae inné in Arda Golan sa tSiria le 39 pearsanra Éireannach atá ag fónamh le Fórsa Breathnóireachta Díscoir na Náisiún Aontaithe (UNDOF) a bhí i mbun patróil i gconbhua de chuid na Náisiún Aontaithe le pearsanra UNDOF eile nuair a scaoileadh urchair airtléire i ngar dá gcuid feithiclí. Níor tuairiscíodh aon ghortaithe agus d’fhill feithiclí UNDOF, lena n-áirítear iompróirí pearsanra armúrtha MOWAG a bhí ag iompar Trúpaí na hÉireann, go sábháilte ar Champa Faouar in Arda Golan.





Related Press Releases

No documents found




Contact Us

Department of Defence
Station Road
Newbridge
Co. Kildare
W12 AD93

Tel 00 353 45 492000
Fax 00 353 45 492017
* loCall 1890 251890
** Or call 0761 001 607

info@defence.ie

eolas@defence.ie

* Note that the rates charged for the use of 1890 (LoCall) numbers may vary among different service providers
** 0761 numbers are charged as a national number from landlines and mobiles and are often included in bundle deals offered by phone operators