Search Press Releases
Home > Press Releases > Press Release
Dún Uí Chonghaile, an Longfort, tugtha ar lámh go foirmiúil ag an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Cosanta, an tUas. Alan Shatter, T.D., atá ceannaithe ag Comhairle Chontae Longfoirt.

21Bealtaine2012
Rinne an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Cosanta, an tUas. Alan Shatter T.D., an chuid atá fanta de Dhún Uí Chonghaile an Longfort, thart ar 10.4 acra, a thabhairt ar lámh go foirmiúil d’Údaráis Áitiúla Longfoirt inniu atá tar éis é a cheannach. Bhí cuid den láithreán faighte ag an OPW roimhe seo thar ceann an Gharda Síochána áitiúil agus tá cuid eile den láithreán faighte ag Údarás Gairmoideachais Chontae Longfoirt. Bhí an láithreán in úsáid do ghnóthaí míleata ó 1774 nuair a dhíol an Tiarna Longfort ag an am an Caisleán agus Teach an Mhargaidh ar £3,670 le Coimisinéirí na nDún. Bhí an dún ina dhún míleata de chuid na Breataine go dtí gur tugadh ar lámh é don Saorstát an 17 Feabhra 1922.

Cé gur dhúirt an tAire gur mór an rud do bhaile ar bith dún a dhúnadh, dúirt sé “Tá baint ag mo Roinnse le próiseas diúscartha na maoine ó dúnadh é i 2009 agus tá áthas orm a rá go bhfuil an próiseas sin tugtha chun críche go hiomlán anois”. Rinne sé tagairt don tairbhe a baineadh le blianta as clár comhdhlúthaithe an dúin nuair a dúirt sé “pobail áitiúla atá ag baint leasa as na Dúnta atá diúscartha againn go dtí seo”.

Tá an tAire sásta gurb iad na hÚdaráis Áitiúla a cheannaigh an láithreán thar ceann an phobail áitiúil agus ghuí sé gach rath ar an bhforbairt a dhéanfar air amach anseo.

CRÍOCH




Related Press Releases

No documents found




Contact Us

Department of Defence
Station Road
Newbridge
Co. Kildare

Tel 00 353 45 492000
Fax 00 353 45 492017
* loCall 1890 251890
** Or call 0761 001 607

info@defence.ie

eolas@defence.ie

* Note that the rates charged for the use of 1890 (LoCall) numbers may vary among different service providers
** 0761 numbers are charged as a national number from landlines and mobiles and are often included in bundle deals offered by phone operators