Search Press Releases
Home > Press Releases > Press Release
An 3ú Achainí Bhliantúil Fuchsia
seolta ag an Aire Stáit um Chosaint, an tUas. Pól Mac Eochaidh, T.D.,
thar ceann Óglaigh Náisiúnta na hÉireann Teoranta (O.N.E

Sheol an tAire Stáit um Chosaint, an tUas. Pól Mac Eochaidh, T.D., Achainí bhliantúil Fuchsia de chuid Óglaigh Náisiúnta na hÉireann Teoranta (O.N.E.) inniu (30 Meitheamh 2011) ag Ceanncheathrú na hEagraíochta i mBrú na bhFiann, Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath.
Is í seo an tríú bliain den fheachtas, a bhailigh €26,000 in 2010.
Tá O.N.E. tiomanta do chúram a thabhairt d’iar-phearsanra Óglaigh na hÉireann trí chóiríocht a chur ar fáil do chomhaltaí atá gan dídean, do chomhaltaí atá scothaosta nó faoi mhíchumas a dteastaíonn áit chónaithe agus foscadh uathu, agus cúnamh eile b’fhéidir.
Ghabh an tAire Stáit buíochas leis an bPríomhfheidhmeannach agus leis an mBord Stiúrthóirí as an obair chrua leanúnach a dhéanann siad agus as a dtiomantas don eagraíocht le blianta anuas agus ghuí sé gach rath orthu san fheachtas tiomsaithe airgid seo.

Tá cóiríocht ag O.N.E. i mBrú na bhFiann (30 áit), i mBaile Átha Luain (6 áit) agus i Leitir Ceanainn (6 áit).

NÓTA don Eagarthóir

Bunaíodh O.N.E. i 1950 agus cuireann sé spiorad comrádaíochta idir chomhaltaí na seirbhísí chun cinn, idir iad sin atá ag fónamh agus iad sin nach bhfuil, chomh maith le heolas faoi phinsin, sochair leasa shóisialaigh agus teidlíochtaí eile a chur ar fáil.

Roghnaíodh an fiúise mar shuaitheantas don tiomsú airgid mar go gcuireann sé an baile i gcuimhne do go leor daoine, nuair a bhíonn siad ag fónamh thar lear. Tugtar ‘Deora Dé’ ar an bhfiúise in Iarthar na hÉireann. San fheachtas tiomsaithe airgid Fuchsia díoltar suaitheantais a bhfuil an focal ‘Cuimhnímis’ orthu – i gcuimhne na ndaoine a bhí a d’fhónaigh in Óglaigh na hÉireann.
CRÍOCH



Related Press Releases

No documents found




Contact Us

Department of Defence
Station Road
Newbridge
Co. Kildare
W12 AD93

Tel 00 353 45 492000
Fax 00 353 45 492017
* loCall 1890 251890
** Or call 0761 001 607

info@defence.ie

eolas@defence.ie

* Note that the rates charged for the use of 1890 (LoCall) numbers may vary among different service providers
** 0761 numbers are charged as a national number from landlines and mobiles and are often included in bundle deals offered by phone operators