Search Press Releases
Home > Press Releases > Press Release
Cead faighte sa Dáil ag an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Cosanta, an tUasal Alan Shatter, T.D do mhisean chun na Liobáine


21 Aibreán 2010

Fuair an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Cosanta, an tUasal Alan Shatter, T.D. cead inniu ó Dháil Éireann suas le 440 de thrúpaí na hÉireann a imscaradh chuig Fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNIFIL). Tabharfaidh sin chun críche an cur chuige Trí Chuid faoina gcaitear cead na NA, an Rialtais agus na Dála a fháil sula n-imscartar comhaltaí Óglaigh na hÉireann thar lear.

Tá sé i gceist go n-imscarfadh Óglaigh na Éireann grúpa chuig Deisceart na Liobáine ar dtús an 23 Bealtaine 2011 agus go n-imscarfaí an phríomh-dhíorma i dtreo dheireadh mí Meithimh 2011. Imscaradh bliana a bheidh i gceist ar dtús a bheidh faoi réir athnuachan an tsainordaithe agus athbhreithniú sásúil ar an misean. Cuirfear in iúl don UN nach rachaidh rannpháirteacht na hÉireann thar 3-4 bliana ar a mhéid.

I ndiaidh don Dáil an misean a cheadú dúirt an tAire: Tá sé ríthábhachtach go gcoinneodh Éire leibhéal tiomantais doibríochtaí idirnáisiúnta síochána agus do na hoibleagáidí a ghlac sí uirthi féin mar chomhalta de na NA. Cuireann oibríochtaí thar lear go mór le forbairt ghairmiúil Óglaigh na hÉireann.

Dúirt an tAire Shatter freisin: Léiriú é rannpháirteacht na hÉireann in UNIFIL ar an difear dearfach agus praiticiúil atá tíortha beaga ar nós Éirinn in ann a dhéanamh i dtíortha ar fud an domhain a mbíonn trioblóid iontu trí thacaíocht a thabhairt do na Náisiúin Aontaithe.

CRÍOCH

Nóta chuig Eagarthóirí

Tá ceangal ag Éire le UNFIL ó bunaíodh é in 1978. Tarraingíodh amach príomhchathlán Óglaigh na hÉireann i 2001 tráth a raibh 23 bliain seirbhíse tugtha aige le UNIFIL. Rinne Éire díorma a imscaradh arís chun na Liobáine in 2006 ar feadh tréimhse 12 mí i dteannta cuideachta Innealtóireachta as an bhFionlainn, tráth ar threisigh comhraic ansin agus ar cuireadh méadú mór ar Fhórsa UNIFIL faoi shainordú NA.




Related Press Releases

No documents found




Contact Us

Department of Defence
Station Road
Newbridge
Co. Kildare
W12 AD93

Tel 00 353 45 492000
Fax 00 353 45 492017
* loCall 1890 251890
** Or call 0761 001 607

info@defence.ie

eolas@defence.ie

* Note that the rates charged for the use of 1890 (LoCall) numbers may vary among different service providers
** 0761 numbers are charged as a national number from landlines and mobiles and are often included in bundle deals offered by phone operators