Search Press Releases
Home > Press Releases > Press Release
Léirbhreithníonn an tAire Stáit ag an Roinn Cosanta,
an tUasal Paul Kehoe, T.D.,

Trúpaí na hÉireann atá ag dul chun na Liobáine
2 Samhain 2015


Inniu rinne an tAire Stáit ag an Roinn Cosanta, an tUasal Paul Kehoe T.D., léirbhreithniú ar chomhaltaí den 51ú Grúpa Coisithe a bheidh ag fágáil níos déanaí an mhí seo le dul ar fónamh le Fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNIFIL).

Le linn an léirbhreithnithe dúirt an tAire Stáit, “Inniu, níos mó ná riamh, tá UNIFIL aitheanta mar fhórsa do chobhsaíocht an réigiúin go léir. In ainneoin an choimhlint, an mhíshocracht agus an éiginnteacht go léir a bhíonn thart air, tá ag éirí le misean UNIFIL an sos comhraic idir an Liobáin agus Iosrael a chothabháil agus a chúraimí a chur i bhfeidhm.”

Agus é ag tabhairt aghaidh ar na trúpaí go díreach dúirt an tAire Kehoe “Molaim dícheall an 51ú Grúpa Coisithe atá le himscaradh chuig UNIFIL, faoi cheannas an Leifteanant-Chornail Brendan McGuinness. .............. Táthar ag súil go gcothabhálfaidh sibhse, an 51ú Grúpa Coisithe, cáil iontach Óglaigh na hÉireann mar choimeádaithe síochána tiomanta, coinsiasacha, gairmiúla agus daonnúla.”

Dúirt an tAire, mar fhocal scoir “Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun ómós a thabhairt do bhur dteaghlaigh agus bhur gcairde, a bhfuil go leor daoibh anseo inniu, as an ról tábhachtach gan moladh a bhíonn acu i rannpháirtíocht na hÉireann i misin Choimeádta Síochána thar lear. Tá a spreagthacht, a dtacaíocht agus a ndílseacht mar chuid lárnach duitse chun cur ar do chumas fónamh thar lear agus dá réir sin beatha roinnt de na daoine is boichte agus is leochailí ar fud an domhain a chosaint agus a shábháil."

CRÍOCH

Nóta don Eagarthóir

Tá ceangal ag Éire le UNIFIL ó bunaíodh é in 1978. Tarraingíodh príomhchathlán Óglaigh na hÉireann siar in 2001 tráth a raibh 23 bliain seirbhíse tugtha aige le UNIFIL. Rinne Éire díorma a imscaradh arís chun na Liobáine in 2006 ar feadh tréimhse 12 mí i dteannta cuideachta Innealtóireachta as an bhFionlainn, tráth ar threisigh comhraic ansin agus ar cuireadh méadú mór ar Fhórsa UNIFIL faoi shainordú NA. D’fhill Cathlán as Éirinn ar an Liobáin i samhradh na bliana 2011. Tiocfaidh an 51ú Cathlán Coisithe in áit an 49ú Cathlán Coisithe a imscaradh chun na Liobáine i mBealtaine 2015.




Related Press Releases

No documents found




Contact Us

Department of Defence
Station Road
Newbridge
Co. Kildare
W12 AD93

Tel 00 353 45 492000
Fax 00 353 45 492017
* loCall 1890 251890
** Or call 0761 001 607

info@defence.ie

eolas@defence.ie

* Note that the rates charged for the use of 1890 (LoCall) numbers may vary among different service providers
** 0761 numbers are charged as a national number from landlines and mobiles and are often included in bundle deals offered by phone operators