Search Press Releases
Home > Press Releases > Press Release
An tAire Cosanta ag Searmanas Aistriú Údaráis

Bhí an tAire Cosanta, an tUasal Simon Coveney, TD. i láthar ag searmanas inniu (17 Meán Fómhair 2015) ina ndearnadh údarás Cheann Foirne reatha Óglaigh na hÉireann, an Leifteanant-Ghinearál Conor O'Boyle a aistriú chuig a chomharbacht an Seachaimiréal Mark Mellett. Tá an Leifteanant-Ghinearál O'Boyle ag éirí as Óglaigh na hÉireann ag deireadh na míosa.

Le linn an tsearmanais, a bhí ar siúl i nDún Mhic Aoidh, Baile Átha Cliath, bhronn an tAire Coveney Bonn Seirbhíse Dearscna (le hOnóir) ar an Leifteanant-Ghinearal O'Boyle.

In omós don Leifteanant-Ghinearál O'Boyle, dúirt an tAire Cosanta: "Is mór an onóir dom an Bonn Seirbhíse Dearscna (le hOnóir) a bhronnadh ar an Leifteanant-Ghinearál O'Boyle thar ceann an Rialtais. Ghlac an tAire buíochas leis an Leifteanant-Ghinearál O'Boyle faoin obair mhór atá déanta aige, faoina dhílseacht agus a ghairmiúlacht agus dúirt gur mór an t-údar ónóra é d'Óglaigh na hÉireann agus don tír ar fad".

Maidir leis an Seachaimiréal Mark Mellet dúirt sé: Tá mé ag súil go mór a bheith ag obair go dlúth leis an Seachaimiréal Mellett is é ina Cheann Foirne. Tabharfar ardú céime don Seachaimiréal Mellett go céim Leas-Aimiréal chun go mbeidh sé in ann tabhairt faoin phost nua ina Cheann Foirne le héifeacht ón 29ú /Meán Fómhair. Ceapadh an Seachaimiréal Mellet ina Leas-Cheann Foirne (Tacaíocht) ar Óglaigh na hÉireann i mí na Samhna, 2013.

CRÍOCH




Related Press Releases

No documents found




Contact Us

Department of Defence
Station Road
Newbridge
Co. Kildare
W12 AD93

Tel 00 353 45 492000
Fax 00 353 45 492017
* loCall 1890 251890
** Or call 0761 001 607

info@defence.ie

eolas@defence.ie

* Note that the rates charged for the use of 1890 (LoCall) numbers may vary among different service providers
** 0761 numbers are charged as a national number from landlines and mobiles and are often included in bundle deals offered by phone operators