Search Press Releases
Home > Press Releases > Press Release
Léirbhreithníonn an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Cosanta, an tUasal Alan Shatter, T.D trúpaí na hÉireann atá ag dul go dtí an Liobáin
2 Meitheamh 2011

Inniu rinne an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Cosanta, an tUasal Alan Shatter, T.D. comhaltaí den 104ú Cathlán Coisithe a rachaidh chun seirbhíse le Fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNIFIL) níos déanaí an mhí seo, a léirbhreithniú.

I ndiaidh an léirbhreithnithe dúirt an tAire: “Cuireann ócáidí den chineál seo i gcuimhne dúinn an tábhacht mhór ata le hÓglaigh na hÉireann i dtaobh choinneáil na síochána ar fud an domhain”. Rinne an tAire trácht ar an teannas atá ag treisiú sa Liobáin le roinnt míonna anuas agus ar na seisear coimeádaí síochána as an Iodáil a gortaíodh Dé hAoine seo caite in ionsaí buamála ar a bhfeithicil i gcathair chalafoirt Sidon i ndeisceart na tíre.

Luaigh an tAire gur chuir údaráis Óglaigh na hÉireann in iúl dó go bhfuil “sócmhainní agus cumais chosanta fórsa cuí á n-aslonnú a fheilfidh an timpeallacht reatha sa Liobáin agus an timpellacht ann amach anseo”. Ina dhiaidh sin féin deir an tAire nár cheart beag a dhéanamh don chontúirt a dtugann Óglaigh na hÉireann síochana aghaidh air mar choimeádaithe.

Beidh cathlán na hÉireann, ar a bhfuil 440 pearsanra, lonnaithe sa Cheantar Thiar i limistéar atá ainmnithe ag an gCeannasaí Fórsa agus atá i ngar do mhórbhailte Tibnine agus Bint Jubyal agus an ‘Líne Ghorm’ a scarann an Liobáin ón Iorael.

Ar na tascanna is mó a bheidh ar an 104ú Cathlán beidh patrólú, taiscéalaíocht agus seilbh a ghlacadh ar phoist statacha ach ag an am céanna beidh orthu comhoibriú go dlúth le Fórsaí Armtha na Liobáine sa Cheantar Thiar i réimse oibríochtaí UNIFIL.

Dheimhnigh an tAire an gheallúint atá sé a thabhairt “go leanfaidh Óglaigh na hÉireann ag cur ar bhealach a mbeidh brí leis le hoibríochtaí thar lear”. Dúirt an tAire áfach nach mór don obair a dhéanann Óglaigh na hÉireann a bheith praiticiúil agus inmharthana agus a bheith laistigh de na hacmhainní laghdaithe atá ar fáil don Roinn Cosanta.

Imscaradh bliana a bheidh i gceist ar dtús le himscaradh Óglaigh na hÉireann go UNIFIL agus beidh sin faoi réir athnuachan a dhéanamh ar an sainordú agus athbhreithniú sásúil ar an misean. Táthar ag súil go mbeidh Éire rannpháirteach sa misean go ceann 3 go 4 bliana.




Related Press Releases

No documents found




Contact Us

Department of Defence
Station Road
Newbridge
Co. Kildare
W12 AD93

Tel 00 353 45 492000
Fax 00 353 45 492017
* loCall 1890 251890
** Or call 0761 001 607

info@defence.ie

eolas@defence.ie

* Note that the rates charged for the use of 1890 (LoCall) numbers may vary among different service providers
** 0761 numbers are charged as a national number from landlines and mobiles and are often included in bundle deals offered by phone operators