Search Press Releases
Home > Press Releases > Press Release
Freastalaíonn an tAire Coveney ar Shearmanas Coimisiúnaithe
Chúltaca na Seirbhíse Cabhlaigh

Ar maidin (Dé hAoine, 20ú Samhain 2015) d'fhreastail an tAire Cosanta, an tUasal Simon Coveney, T.D., ar Shearmanas Coimisiúnaithe Chúltaca na Seirbhíse Cabhlaigh ag an mBunáit Chabhlaigh, in Inis Sionnach
, Co. Chorcaí.

Ag labhairt dó ag an Searmanas Coimisiúnaithe, rinne an tAire Coveney comhghairdeas le triúr oifigeach nua-choimisiúnaithe de chuid Chúltaca na Seirbhíse Cabhlaigh agus dúirt sé "Is ceiliúradh é searmanas an lae inniu ar na blianta fada tiomantais agus seirbhíse díograisí atá tugtha agaibh do Chúltaca na Seirbhíse Cabhlaigh agus ar chlár cuimsitheach oiliúna a chríochnú go rathúil. Tá sibh ag dul i mbun dualgais mar oifigigh nua-choimisiúnaithe in eagraíocht a gcreideann sibh go mór inti agus a bhfuil sibh an-tiomanta di. Ba chóir go mbeadh sibh féin agus bhur dteaghlaigh an-bhródúil inniu."

Thug an tAire Coveney ómós chomh maith do theaghlaigh na n-oifigeach nua "Tá sé tábhachtach chomh maith aitheantas a thabhairt don tacaíocht a chuireann teaghlaigh ar fáil, a chuireann ar chumas bhaill an Chúltaca freastal ar pharáidí, cleachtaí, campaí agus gníomhaíochtaí eile a bhíonn ar bun i rith na bliana. Sa chomhthéacs sin, tá an-áthas orm bhur dteaghlaigh a fheiceáil anseo inniu. Tá tacaíocht ó na teaghlaigh riachtanach le gur féidir leis an eagraíocht maireachtáil agus táimid fíorbhuíoch as sin".

CRÍOCH




Related Press Releases

No documents found




Contact Us

Department of Defence
Station Road
Newbridge
Co. Kildare
W12 AD93

Tel 00 353 45 492000
Fax 00 353 45 492017
* loCall 1890 251890
** Or call 0761 001 607

info@defence.ie

eolas@defence.ie

* Note that the rates charged for the use of 1890 (LoCall) numbers may vary among different service providers
** 0761 numbers are charged as a national number from landlines and mobiles and are often included in bundle deals offered by phone operators