Search Press Releases
Home > Press Releases > Press Release
Fógraíonn an tAire O’ Dea go gcuirfear tús arís le hearcaíocht theoranta do Chúltaca an Airm (Army Reserve) agus do Chúltaca na Seirbhíse Cabhlaigh (Naval Service Reserve).

D’fhógair an tAire Cosanta, an tUas. Willie O’Dea, T.D. go bhféadfadh go gcuirfeadh na hÓglaigh Chúltaca (Reserve Defence Forces) tús arís le hearcaíocht theoranta faoi mhaoirseacht chun comhaltaí reatha de Chúltaca an Airm nó Cúltaca na Seirbhíse Cabhlaigh a éireoidh as a bpoist nó a imeoidh i rith 2009 a athsholáthar. Cuireadh earcaíocht don Chúltaca ar fionraí mar thoradh ar an laghdú ar an maoiniú a bhí ar fáil agus an moratorium ar an líon fostaithe sa tseirbhís phoiblí”.

Dúirt an tAire Willie O’Dea: “Ó fógraíodh go raibh earcaíocht do na hÓglaigh Chúltaca (OCT) le cur ar fionraí, bhí mise, agus mo chuid oifigeach, ag obair le cinntiú go ndéanfaimis comhdhlúthú ar na tairbhí a bhaineamar amach le blianta beaga anuas agus na hÓglaigh á bhforbairt. Tá sé tábhachtach go leanfaimis orainn ag soláthar deiseanna oiriúnacha d’oiliúint íoctha do na comhaltaí go léir de na hÓglaigh Chúltaca, an oiread agus is féidir laistigh de sholáthairtí reatha an bhuiséid.

“Tar éis dom athbhreithniú agus scrúdú a dhéanamh ar líon comhaltaí agus buiséid na n-OCT le haghaidh 2009, creidim go bhfuil soláthar dóthanach ann chun traenáil íoctha a cheadú do chomhaltaí reatha de na hÓglaigh Chúltaca i mbliana. Dá réir sin, táim ag fógairt inniu go gur féidir leanúint láithreach le hearcaíocht chun folúntais a líonadh atá ann toisc gur éirigh comhaltaí reatha de na hÓglaigh as a bpoist, nó gur scaoileadh iad sa ghnáthbhealach.”

“Is dócha go mbeidh iad siúd a bhfuil iarratas déanta acu cheana ar dhul isteach sna hÓglaigh Chúltaca agus a bhí ag fanacht le fianú an-sásta an scéal seo a chloisteáil. Déanfar go leor acu a ionduchtú isteach sna hÓglaigh diaidh ar ndiaidh de mar a thiocfaidh folúntais chun cinn sna Briogáidí éagsúla sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn.”

“Is mian liom ómós a thabhairt do chomhaltaí go léir na n-Óglach Cúltaca atá sásta a gcuid ama a thabhairt chun a dtír a sheirbheáil. Táthar an-bhuíoch as a dtiomantas.”

“Beidh an líon a earcófar ag brath ar an líon a bheidh ag imeacht. Déanfar maoirseacht ar an earcaíocht theoranta seo agus coimeádfar faoi athbhreithniú é i gcomhthéacs traenála íoctha laistigh de na hÓglaigh Chúltaca agus soláthar buiséid amach anseo.”

Nótaí an Eagarthóra:

· Ba é an líon comhaltaí sna hÓglaigh Chúltaca ar 31 Márta 2009 ná 7,513
· Is é Buiséad na n-OCT do 2009 ná €8.9m
· Soláthraíonn plean feidhmithe an athbhreithnithe ar an OCT d’fheabhsú céimnitheach ar na hÓglaigh Chúltaca thar an tréimhse 2004 – 2009. Rinneadh dul chun cinn mór ar an bplean a chur i bhfeidhm. Rinneadh na hÓglaigh Chúltaca a atheagrú ar bhealach cosúil leis na Buan-Óglaigh, rinneadh méadú ar infheistíocht sna hÓglaigh Chúltaca agus trealamh agus éadaí nua ar fáil chomh maith le deiseanna um thraenáil feabhsaithe.




Related Press Releases

No documents found




Contact Us

Department of Defence
Parkgate
Infirmary Road
Dublin 7

Tel 00 353 1 8042000
Fax 00 353 1 6710229
* loCall 1890 251890

email info@defence.irlgov.ie
eolas@defence.irlgov.ie

* Note that the rates charged for the use of 1890 (LoCall) numbers may vary among different service providers